Deir na Gardaí gur bhain drochghortuithe d’fhear sna fichidí a hionsaíodh i gCo na Mí tráthnóna inné.
Is i mBaile Átha Buí ag thart ar 7.30 tráthnóna inné a hionsaíodh an fear.
Tugadh é go hOspidéal an Mater i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil sé faoi dhianchúram i gcónaí.
Ghabh na Gardaí fear sna tríochaidí tar éis dó é féin a thabhairt ar láimh dóibh i Stáisiún Gardaí Cheanannais.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ.